"Ó MO DHIA!!!!! CÁ BHFUIL NA FECKIN EOCHRACHA!!!!!"
B'é sin an chéad rud a chualas uaidh. Fear ciúin ann de gnáth, ach nuair a bhreathnaigh mé thall ina threo, bhí sé ag déanamh hurlamaboc den chineál nach chreidfeá dá raibh aithne agat air. Gach uile rud tógtha as a phócaí agus caite ar an talún. Chuile rud caite as a mhála chomh maith go dtí nach raibh pingin aige nach raibh i gcnoc beag ag a chois.
"Jhaysus, caithfidh siad bheith fágtha agam ar bharr, áit a raibh an phic-nic againn..." ar sé agus ní fhaca mé fear chomh dólásach agus díomách riabh, agus é ag smaoineamh faoin sliabh a dhreap arís. Ansin thosaigh sé ag rith, ar ais i dtreo bharr a sléibhe. ní raibh sé imithe i bhfad nuair a fhuair muid amach nach raibh an charr faoi ghlas in aon chor. Chuaigh Dáire, Caomhín, Aindrias agus mé féin sa tóir ar na heochracha laistigh den charr. Bhíos féin ag tógáil rudaí amach as tóin an charr, nuair a chonaic mé iad ansin: ar an talamh. Ar an feckin talamh. Nach muide uilig na heejits cheart? Bhíomar.
Nuair a bhí fhios ag gach éinne go raibh na heochracha faighte, bhí sceitimíní orainn ar fad, thosaigh Caoimhín ag rince ar díon an charr, bhí sé chomh áthasach. Rinne muid iarracht scairt a chur ar Choilm. Bhíomar in ann é a fheiceáil, agus é fós ag rith, igcéin uainn. Bhí an fón aige fanta ar an talamh sa chnoc bheag. Faoi dheireadh, agus na guthanna beagnach imithe uainn agus le cabhair ó chorn an chairr, thug sé faoi deara muid, agus thuig sé céard a bhí i gceist.
Deich nóimimt ina dhiaidh sin, bhíomar ar ár bhealach abhaile.
No comments:
Post a Comment